Tír Áiseach í an Afganastáin. Tá sí suite i lár na hÁise agus í teorainn ar theorainn leis an Iaráin, an Phacastáin, an Tuircméanastáin, leis an Úisbéiceastáin, leis an Táidsíceastáin agus leis an tSín. Is é Cabúl an phríomhchathair. Tá 33.3 milliún duine ina gcónaí sa tír.