Sliabh atá suite idir Neipeal agus an Tibéid is ea Sliabh Everest. Is é Everest an áit is airde ar domhan: tá sé 8,848 méadar ar airde. Cuid de na Himiléithe atá ann. Ba iad Edmund Hillary agus Tenzing Norgay na chéad daoine a shroich barr an tsléibhe, ar 29 Bealtaine 1953.