Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana. Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe. Tá sé ag críochantaíocht le hAlbain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiúil, is cuid de é Corn na Breataine, ach níl Oileán Mhanainn ná Oileáin Mhuir nIocht suite i Sasana. Is é Sasana an náisiún is mó sa Ríocht Aontaithe. Fuair sé a ainm ó n…Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana. Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe. Tá sé ag críochantaíocht le hAlbain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiúil, is cuid de é Corn na Breataine, ach níl Oileán Mhanainn ná Oileáin Mhuir nIocht suite i Sasana. Is é Sasana an náisiún is mó sa Ríocht Aontaithe. Fuair sé a ainm ó na Sacsanaigh, a chuir an tír ar bun. Thángadar go dtí an Bhreatain ó mhór-roinn na hEorpa. Thugadar a dteanga leo go dtí an Bhreatain, an Sacs-Bhéarla nó an Béarla mar is gnách a thabhairt air anois. Scaipeadh teanga agus cultúr Shasana ar fud an domhain le linn ré Impireacht na Breataine, a mbíodh críocha ollmhóra faoi smacht aici i ngach mór-roinn.